siad
(Pron Pers 3P Pl Sbj)

Chuaigh amach, agus chonaic na gárdaí é, agus lean siad é go dtí an teach. 🔊

Thug na gárdaí deich bpunt uirthi ag ceapadh go mbeadh siad saibhir go brách, ach pingin leith-phingin bhfuair siad. 🔊

Nuair a tháinig siad chuige le príosúnach a dhéanamh dhe, bhí giorria aige, agus dúirt go mba é an teachtaire a b'fhearr a bhí aige riamh, go mbíodh ag iompar airgid go dtí an siopa dhó. 🔊

Thóig na gárdaí an giorria agus cheangail siad cupla punt faoi na mhuineál, agus chuir chuig an siopa é ach níor facthas arís é. 🔊

Bhí siad le Brian a chrochadh ansin, ach bhí plean eile aige. 🔊

Chuaigh na gárdaí abhaile, agus rinne siad an cleas céanna le na gcuid mná ach níor fhéad siad iad a dhéanamh beó arís. 🔊

Bhuail siad isteach ag Brian agus bhuail siad síos i mála é agus thugadar suas go Gaillimh é lena bhá sa bhfarraige. 🔊

Nuair a bhí siad leath-bealaigh suas, chonaic siad giorria bacach. 🔊

Lean siad é agus an mála a raibh Brian istigh ann, chaith siad uatha é. 🔊

Chaith siad an mála amach sa bhfarraige, agus d'imigh siad abhaile. 🔊

Bhí siad scaitheamh amach ón mbaile mór nuair a casadh dóibh Brian agus na beithigh aige. 🔊

Cheistigh siad é, agus dúirt go bhfuair na beithigh amuigh sa bhfarraige agus go raibh go leor fágtha fós ann. 🔊

Níor chreid siad an uair seo é agus leig siad abhaile é. 🔊

Frequency index

Alphabetical index